Clár
ClárúAg glacadh ballraíochta:-
Tá ballraíocht i seirbhís na leabharlainne saor an aisce do gach duine. Is féidir leat ballraíocht a ghlacadh ar líne nó in aon bhrainse den leabharlann ach d’ainm agus do sheoladh reatha a thaispeáint.
Níl aon íosaois ann chun ballraíocht a ghlacadh, ach tá ar dhaoine faoi ocht mbliana déag d’aois síniú ón dtuismitheoir nó ón gcaomhnóir a fháil.
Beidh ort do bhallraíocht a athnuachan gach bliain. Le do thoil, tar chuig do leabharlann áitiúil chun é seo a dhéanamh, le do chárta leabharlainne. Má tá tú tar éis do sheoladh a athrú idir an dá linn, beidh ort cruthúnas ar an seoladh nua a sholáthair chomh maith.
Do Chuntas Leabharlainne:
Cuireann do bhallraíocht leabharlainne cuntas leabharlainne ar fáil duit ar líne. Chun teacht a bheith agat ar do chuntas, beidh ort do ainm, an barrachód ar do chárta leabharlainne agus do uimhir PIN a chur isteach.
Chun do uimhir PIN a fháil, taispeáin do chárta leabharlainne ag aon bhrainse. Tá sé tábhachtach go mbeifeá i láthair tú féin ionas gur féidir a chinntiú cé tú féin.
Tá rogha agat fógraí leabharlainne a fháil ar ríomhphost agus/nó i dtéacs má sholáthraíonn tú do sheoladh ríomhphoist agus/nó uimhir fón póca.
Seolann Leabharlanna Cathrach Chorcaí amach fógraí sa phost chomh maith, chuig baill leabharlainne nár roghnaigh modhanna fógraí ríomhphost agus/nó téacs fós.
Cláraigh ar líne:
Is féidir leat ballraíocht leabharlainne a ghlacadh ar líne tré cliceáil ar an gcnaipe thíos tar éis duit na coinníollacha ballraíochta a léamh agus glacadh leo. Caithfidh tú a bheith ós cionn ocht mbliana déag d’aois chun ballraíocht a ghlacadh ar líne.
Tá trí mhí agat ansan chun cuairt a thabhairt ar do bhrainse leabharlainne áitiúil, ag tabhairt cruthúnas ar do sheoladh leat, chun do chárta leabharlainne a fháil agus do bhallraíocht leabharlainne a ghníomhachtú go h-iomlán.
Ní féidir leat ach aon earra AMHÁIN a chur in áirithe nuair a ghlacann tú ballraíocht ar líne. Nuair a fhaigheann tú do chárta leabharlainne, beidh an ceart agat iarratas a chur isteach ar dhá earra dhéag ar a mhéad in aon am amháin.
Seirbhísí ar líne:
Tá réimse de sheirbhísí ar líne ar fáil do gach ball leabharlainne ar fud na tíre, agus tá roghanna breise ann dóibhsean atá ina mbaill de Leabharlanna Cathrach Chorcaí. Tá na sonraí le feiscint anseo.
Coinníollacha ballraíochta:
Chun earraí a thógaint ar iasacht, ní mór duit do chárta ballraíochta a bheith agat.
Tá ar dhaoine faoi ocht mbliana déag d’aois síniú ón dtuismitheoir nó ón gcaomhnóir a fháil ar an bhfoirm clárúcháin sa bhrainse leabharlainne.
Tá tuismitheoirí/caomhnóirí freagrach as na roghanna, ábhair agus seirbhísí leabharlainne a úsaideann a bpáistí, úsáid na leabharlainne agus fáil ar an Idirlíon san áireamh.
Má tá uimhir PIN agat chun teacht a bheith agat ar do chuntas ar líne, le do thoil, NÁ roinn é seo le héinne eile.
Is féidir leat suas le dhá earra dhéag a thógaint amach ar iasacht in aon am amháin, agus is féidir iad a choinneáil ar feadh tréimhse trí seachtaine. Ní féidir athnuachan a dhéanamh ar earra níos mó ná cúig uair, agus má tá earra á lorg ag ball leabharlainne eile, ní féidir athnuachan a dhéanamh air. Is féidir leat earraí a athnuachan ar líne, sa leabharlann nó ar an bhfón.
Is féidir earraí a thabhairt ar ais go dtí aon bhrainse de Leabharlann Cathrach Chorcaí nó go aon leabharlann phoiblí sa tír má roghnaigh tú a bheith mar bhall de Leabharlanna Éireann chomh maith le bheith mar bhall de Leabharlanna Cathrach Chorcaí.
Níl aon fhiacha d’earraí thar téarma, ach gheobhaidh baill leabharlainne fógraí nuair atá a n-earraí déanach. Más é do thoil é, tabhair do d’aire go mb’fhéidir go bhfuil baill leabharlainne eile ag fanacht ar earra atá déanach.
Gearrtar táille ar gach earra do dhaoine fásta a cailltear. Má tá alán táillí ar do chuntas, cuirfear bac air agus ní bheidh tú in ann do chárta a úsáid chun earraí a thógaint ar iasacht ná chun úsáid a bhaint as ár seirbhísí ar líne go dtí go réiteofaí an fhadhb/na fadhbanna.
Is féidir leat iarrataisí a chur isteach ar an gcuid is mó d’earraí na leabharlainne má úsáideann tú an catalóg poiblí inár mbrainsí nó ar chatalóg ar líne na Seirbhíse Leabharlainne.
Ba chóir do bhaill leabharlainne an leabharlann a chur ar an eolas faoi aon athrú maidir lena sonraí ballraíochta, go h-áirithe má chailleann siad a gcárta ballraíochta leabharlainne.
Le do thoil, abair leis an leabharlann láithreach má chailleann tú do chárta leabharlainne. Tá seans ann go mbeidh tú freagrach as aon earraí a thógtar ar iasacht sara gcuireann tú in iúl dúinn gur cailleadh do chárta.
Más é do thoil é, cloígh le Cód Iompair Chomhairle Contae Chorcaí nuair a bhíonn tú ag úsáid na leabharlainne agus géill do threoracha dleathacha na foirne leabharlainne.
Le do thoil, cloígh le coinníollacha an Acht Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar 2000 chomh maith nuair atá tú ag déanamh cóipeanna d’ábhar leabharlainne.
Tá na téarmaí agus coinníollacha seo i bhfeidhm chomh maith do dhaoine a úsáideann seirbhísí Leabharlanna Cathrach Chorcaí atá mar bhaill d’údarás leabharlainne eile atá páirteach sa chóras bainistíochta leabharlainne náisiúnta i bpáirt.
Coinneoitear sonraí ballraíochta faoi rún agus ní nochtar iad le héinne eile.
Glacadh:
Cliceáil ar an gcnaipe thíos.